Logainmneacha Phort Láirge

Waterford Placenames

Scoileanna / Schools

Is é an cuspóir atá le Tionscadal Logainmneacha na Scoileanna ná páistí bunscoile ar fud Phort Láirge a ghríosadh chun aird a thabhairt ar na logainmneacha áitiúla thimpeall orthu agus taighde a dhéanamh ar cad as a tháinig na hainmneacha úd. Tá sé i gceist feasacht ar oidhreacht shaibhir chultúrtha ár logainmneacha a ardú. Gach bliain tugann an Cartlannaí agus an tOifigeach Gaeilge, le cabhair ó bhaill an Choiste Logainmneacha, cuairt ar scoileanna éagsúla ar fud an chontae chun an tionscadal a chur ina láthair.

The purpose of the Schools’ Placenames Project is to encourage children from all over Waterford to become aware of, and explore the origins of their local placenames. The project aims to raise awareness of the rich cultural heritage of our placenames and it is rolled out to schools each year by the Archivist and Irish Officer, with the assistance of members of the Placenames Committee.

Liosta na Scoileanna a Ghlac Páirt

Cliceáil anseo do liosta de na scoileanna atá tar éis páirt a ghlacadh i dTionscadal Logainmneacha na Scoileanna go dtí seo. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí, leis na daltaí agus le foirne na scoileanna ar fad a ghlac páirt sa tionscadal seo le fonn agus le díograis. Is féidir torthaí a gcuid oibre a fheiscint ar an léarscáil idirghníomhach atá foilsithe againn ar an suíomh seo. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as torthaí a gcuid oibre.

List of Participating Schools

Click here for a list of schools that have participated in the Schools’ Placenames Project to date. We would like to thank the teachers, pupils and staff of all of the schools who have participated in this project with enthusiasm and dedication. The children’s work is displayed on the new interactive map that we have published on this site. We hope you enjoy browsing through the fruits of their labours.

Léirigh d’Áit –Ceardlanna Maisiúcháin

I mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2021, mar chuid de chlár Éire Ildánach 2021, d’eagraigh an Coiste Logainmneacha (tríd an tOifigeach Gaeilge agus Cartlannaí an Chontae) tionscadal cheardlanna maisiúcháin ar líne chun páistí bunscoile a spreagadh chun smaoineamh ar stair agus ar oidhreacht a gceantair dhúchais agus na logainmneacha mórthimpeall orthu. Ghlac thart ar 150 páiste ó sé bhunscoil éagsúil ar fud na nDéise páirt i gceardlanna maisiúcháin ar líne leis an maisitheoir proifisiúnta, Valeria Weerasinghe, atá tar éis obair le Cartoon Saloon ar an gcartún Puffin Rock, a bhuaigh gradam Emmy. Chuir Valeria ceardlanna idirghníomhacha ar fáil trí Zoom, ag taispeáint dos na páistí conas an scéal a bhaineann le gnéithe agus logainmneacha ina gceantair áitiúla a thaispeáint trí léaráidí cartúin a tharraingt. Le linn na gceardlann, bhí na páistí ag plé agus ag cíoradh dhúchais, staire agus bhrí na logainmneacha áitiúla mar bhunús dos na léaráidí. Seo thíos roinnt samplaí d’obair na bpáistí:

Illustrate Your Place – Cartoon Workshops

In May & June 2021 as part of the 2021 Creative Waterford programme, the Placenames Committee (through the Council’s Archivist and Irish Officer) began rolling out an on-line cartoon workshop project to encourage primary school children (5th & 6th class primarily) to think about their local history and what gives them a sense of place, by illustrating their local placenames. Some 150 schoolchildren from six primary schools in Waterford City & County took part in on-line cartoon workshops with professional illustrator, Valeria Weerasinghe, who has worked with Cartoon Saloon on the Emmy award winning Puffin Rock cartoon. Valeria provided online interactive workshops over Zoom, showing students how to create illustrations using some of the features and placenames in their local area. During the workshops, the students discussed and examined the origins, meaning and history of these placenames as a basis for their illustrations. Here are some examples of the students’ work: