Logainmneacha Phort Láirge – Waterford Placenames
Bunachar sonraí inchuardaithe de bhailte fearainne Phort Láirge is ea é seo, a thugann an paróiste sibhialta agus an bharúntacht do gach baile fearainn, chomh maith leis an logainm i nGaeilge agus i mBéarla, maraon le comhad fuaime a thugann foghraíocht gach logainm sa dá theanga. Tá an bunachar sonraí bunaithe ar dhigitiú an leabhair The Placenames of Decies leis an gCanónach Pádraig de Paor, le cló agus litriú nua-Ghaeilge na linne seo. B’iad Oifigeach Gaeilge na Comhairle, i gcomhar le baill Choiste Logainmneacha Phort Láirge, a thug faoin tionscadal seo faoi stiúr an Ollamh Pádraig Ó Macháin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Tá bunachar sonraí de Logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Áis chuimsitheach bhainistíochta í seo chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar mar aon le taighde oifigeach logainmneacha an Stáit. Áis don phobal atá ann, d’Éireannaigh sa bhaile agus thar lear, agus spreagann sí spéis i saibhreas agus i saíocht logainmneacha na hÉireann.