Logainmneacha Phort Láirge

Waterford Placenames

Logainm na Ráithe – Bealtaine 2023

Tá baile fearainn suite ar Cheann na hAirde Móire ar a nglaoitear Díseart. There is a townland located on the headland at Ardmore known as Dysert.

Díseart na hAirde Móire

Tá an logainm seo réasúnta coitianta ar fud na hÉireann. Tagann an focal ó desertum sa Laidin a chiallaíonn áit ar leith, san iargúltacht, atá gearrtha amach ó imeachtaí an tsaoil. Is amhlaidh atá in Aird Mhór. Is ann, deirtear linn, a chaith Déaglán Naofa deireadh a shaoil, mar aonaráin, i lár na 5ú haoise.

Tá Tobar Dhéagláin Naofa ar thaobh na faille ann agus rian de Shéipéal a théann siar go dtí an 7ú haois, nó mar sin. Tagann daoine ar oilithreach go dtí an áit ar Lá Fhéile Déagláin ar an 24ú Iúil gach aon bhliain ag paidreoireacht. Bhíodh na mílte ag tarraingt ar an áit i lár na naoú haoise déag de réir na dtuairiscí atá ann. Níl na sluaite ag teacht anois mar a bhíodh, ach fós tagann cuairteoirí Seachtain na Féile (Lá an Phátrúin)  i mí Iúil agus i rith na bliana. Bhíodh leigheasanna luaite le Tobar Dhéagláin Naofa.

                                                 

Dysert of Ardmore

The placename is relatively common in Ireland. The word is derived from the Latin word desertum meaning, the wilderness, a special or remote place that is away from the hustle and bustle of life. It is so in Ardmore. It is where St. Declan, we are told, spent the last days of his life, as a hermit, in the mid-5th century.

St. Declan’s Well is situated here at the top of the cliff, where the wall and outline of a Church from about the 7th century is still evident. Pilgrims travelled to this spot on the Feast of St. Declan on July 24th each year to pray. Many thousand people were recorded here in the mid-19th century. The crowds are not evident today, but the place still attracts many visitors at the time of the Feast Day (Pattern Day) in July and throughout the year. St. Declan’s Well is said to have curative powers.