Logainmneacha Phort Láirge

Waterford Placenames

Logainm na Míosa – Feabhra 2022

Seo chugaibh an dara alt sa tsraith nua, ‘Logainm na Míosa’.

Here is the second article in our ‘Logainm na Míosa  (Placename of the Month) series.

Lios na Cille, Baile an Bhuitléirigh

Tá Lios na Cille suite i bParóiste Bhaile an Bhuitléirigh. Is dóichí gur seanlios cré ciorcalach atá i gceist anseo agus tá a iarsmaí fós le feiscint i ngort ar an dtaobh thuaidh den reilig atá anois ann. Sa bhliain 1160, tógadh an séipéal beag meánaoiseach atá anois ann anuas ar, nó laistigh den lios san. Tá cuid de fhallaí thuaidh agus theas an tséipéil sin fós le feiscint. Is iad seo toisí an tséipéil: 32/33 troithe X 15 troithe.

Tá túr ar an dtaobh thiar. Tá báisin cloch (piscina) ann a úsáideadh chun uisce a d’úsáidtí ag na searmanais eaglasta a scaoileadh amach. Tá báisín cloch eile d’uisce coisreacan ag doras an tséipéil.

Lios na Cille (Lisnakill) (meaning ‘ring-fort of the church’) church and graveyard is in the parish of Butlerstown. It is thought that the earthen ‘Lios’ in question here was an old circular earthen fort, the remains of which are still to be seen in a field on the northern side of the present graveyard. In 1160, the small medieval church, parts of which now remain, was built, either down on, or inside that lios. Parts of the north and south walls of the church still remain. These are the dimensions of the church: 32/33 ft. X 15 ft.

There is a tower on the western side. A stone basin (piscina) still exists, this was used for carrying away water used in religious ceremonies. At the church door, there is another stone basin, used to keep holy water.

‘Sé an t-ainm a bhí ar Lios na Cille fadó ná, ‘An Ghléib.’ Is é sin le rá talamh a tugadh don gcléir chun iad féin a chothú. In 1602, stop saighdiúirí Mhountjoy anseo ar a dtreo thar nais ó Chath Chionn tSáile agus dhóadar adhmad an tséipéil.

Sa bhliain 1641, tar éis do Sir Thomas Sherlock, Caisleáin Bhaile an Bhuitléirigh a chosaint ar An Tiarna Mountgarret, chroch sé 100 ionsaitheoir Éireannach. Sa bhliain 1776, cuireadh a gharmhac, Paul Sherlock, sa tuama altóra mór atá fós le feiscint.

‘The Glebe’ was an older name for Lios na Cille. The Glebe refers to land given to the clergy for their own upkeep. In 1602, when Mountjoy’s soldiers stopped at Lios na Cille on their way back from the Battle of Kinsale, they burned the timbers of the church.

In 1641, Sir Thomas Sherlock, defended Butlerstown Castle from Lord Mountgarret, and hanged 100 of the Irish attackers. In 1776, Sir Thomas Sherlock’s grandson, Paul Sherlock, was buried here in a large altar tomb.

Blianta ó shoin, úsáideadh an suíomh seo mar Chillíneach – áit inar cuireadh leanaí ná raibh baistithe. Tá a leachtanna ísle le feiscint fós.

Sa bhliain 1902, thóg Mrs. Margaret Power an falla atá anois ann timpeall ar an reilig seo agus tá sí féin curtha inti.  Sa bhliain 1974, dhein Julian Walton cóipeanna de 35 inscríbhinn ar na leachtanna. Aimsíodh dhá leacht eile ó shoin.

Tugann daoine áirithe sa pharóiste togha na haire don suíomh luachmhar seo agus ceiliúrtar aifeann ann gach samhradh.

Foinse: Alt leis an múinteoir scoile, Mrs. Catherine Kavanagh, ar lth. 74-5 den leabhar, Unlocking Butlerstown. 

In the past, this site was used as a ‘Cillíneach’ where babies who were unbaptised were buried. Their small headstones can still be seen.

In 1902, Mrs. Margaret Power built the wall which surrounds the site and she herself is buried in this graveyard. In 1974, Julian Walton copied 35 inscriptions from the headstones. Two other headstones have since been uncovered.

A number of parishioners in Butlerstown tend this important site and mass is celebrated there annually.

Source: An article on pages 74 and 75 of the book, Unlocking Butlerstown, by schoolteacher, Catherine Kavanagh, Butlerstown,